Eitseáil – Cad é?

Go bunúsach, is próiseas saorealaíona é an eitseáil chun prionta a dhéanamh. Modh intaglio atá ann, a chiallaíonn go bhfuil an t-íomhá ina luí faoi dhromchla ar phláta mhiotail. Le tosnú, is féidir leis an ealaíontóir rian a tharraingt ar an bpláta ag baint usáid as teicnící agus ábhair éagsúla; bíonn cuid den phláta greanta agus cuid eile de fágtha nocht. Tumtar an pláta ansan i bhfolcadh aigéide agus déantar línte agus marcanna an ealaíontóra a chreimniú ar dhromchla an phláta. Mar thoradh ar an bpróiséas seo fágtar claiseanna, eanganna agus poill bheaga ar an bpláta. Cuirtear dúch ar an bpláta ansan agus clúdaítear é le páipéar tais. Nuair a chuirtear tré chlóphreas é aistríotar an t-íomhá ón bpláta go dtí an páipéar de thoradh ard-bhrú.

Tá eitseáil in úsáid ag ealaíontóirí leis na céadta bliain agus níl puinn athrú tagtha ar an bpróiseas ó aimsear na hAthbheochana. D’úsaid Durer, Rembrandt, Goya, Picasso, Morandi agus Hockney uilig an teicníc seo chun saothair tábhachta ealaíona a chruthú. Tá borradh tagtha ar an bpríontáil in Éireann le roinnt blianta anuas, go háirithe san eitseáil, agus tá leath-dhosaen ceardlanna priontála bunaithe timpeall na tíre. Tá cáil ar ealaíontóirí sa cheanntar ar nós Niall Naessens, Tomás Ó Cíobháin agus Maria Simonds-Gooding ó thaobh eitseála de cheana féin.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s